Cur Síos

Féile oll-mhór idirNáisiúnta, uileghnéitheach, idir-ealaíona, a reachtáiltear thar tréimhse sé míosa ar fuaid Éireann is thar lear, gach seachtú bliain, i gcuimhne ar an cumadóir is cruthaitheoir Éireannach Seán Ó Riada. Is chun féin aithne mar Éierannaigh is mar Ghael, do chách, thall is abhus an tréimhse seo.

Tá fáilte fial againn roimh aon phobal, eagraíócht, gnó nó bailúchán daoine ar mian leo Féile na Laoch a reachtáil ina bpobal féin mar chuid den tréimhse féin-aithne seo a bhuaileann umainn gach seachtú bliain. Tá a chultúr féin ag gach pobal agus braitheann said é sin tríd a
gcuid laochra. Tá 100 laoch dhifriúila ag gach pobal, agus cuid acu seo i gcoiteann i measc phobal na nGael in Éirinn agus in Albain agus abhus thar lear, ach tá laochra áitiúil leis a dhéanean gach pobal a idirdhealú ó na pobail eile. Le Feile na Loach taispeáineanmíd cad dar linn é an dea-shampla agus comhairle saoil dár leanaí, dár n-óige agus dár ndaoine i gcoitinn.

Is mian linne Muintir Riada agus Muintir Chúil Aodha gac pobal a ghríosadh chun an gnímh seo agus is mar sin a dhéanfaimis ceiliúradh gach seachtú bliain ar Sheán Ó Riada. I dteannta a chéile is féidir le gach duine againn a rá “Is Mise Éire”.

Bun leagan amach an Féile

Mar sin ar Meán Lae Lá Bealtaine i gCúil Aodha, beirfaimidne brat Fhéile na Laoch do aon phobal eile atá chun bheith páirteach san tréimhse ceiliúrtha seo ina ndúthaigh féin. Ní mór dóibh é chur in iúil duinn ag oifig@iontaoibheasfodhla.ie (oifig null@null iontaoibheasfodhla NULL.ie) ionas go mbeidh a mbrat ullamh dóibh.

Tosnóidh an tréimhse réamh ullamhúcháin Meán Lae Lá Bealatine 2018, nuair a thógtar, le searmanas, Cónra na Laoch d’fhalla cúil séipéal Chúil Aodha mara bhfuil sé ina sheasamh le seacht mbliana ó Mheán oíche an 3ú Deireadh Fomhair 2011.

Osclaíotar é beo ar theilifís agus raideó agus árdaítear amach na bratacha uilig is pictiúir na 100 laoch a cuireadh ann in 2011, maraon le Brat na Féile agus uirlisí eile dá shórt. Leis an gníomh seo fógraítear go h-oifigiúil an tréimhse ullmhúcháin don tír go léir. Tiocfaidh san chun críche le titim na gréine an oíche 28 Lúnasa 2018, tráth a thosnóidh Féile na Laoch go h-oifigiúil, agus leanfaidh go tráthnóna Lá Lúnasa.

Leanfaidh an Féile as san le coirmeacha ceoil, féilte áitiúla, is ócáidí pobail ar fuaid na tíre thall is abhús go gcríochnóidh leis an gCoirm Dúnta oifigiúil ar an 30ú Meán Fómhair, a bheidh i gCúil Aodha agus mar a líontar agus dúntar Cónra na Laoch go foirmeálta ar feadh 7 mbliana eile ar uair a mheán oiche arís.

Tá sé faoi gach pobal a chúram is a shamhlaíocht féin d’úsáid don tréimhse ceiliúrtha, ar a dtuairim iad a bheith Éireannach/ Albanach agus Gaelach agus a ngrá dá dtír is dá muintir do léirú. Is tréimhse ath-nuachtainte náisiúnta é seo.